Peigín Is Peadar

A Pheigín na gcarad ’s a Phéigín mo chroí,
Cé hé an fear fada údan sínte leat síos?
Ó a hó a, ó aghaidh neo a, hó aghaidh neo, a stóirín mo chroí.

'S a Pheadair na gcarad is a Pheadair mo chroí,
Sin é do mhaicín nach bhfaca tú riamh,
Ó a hó a, ó aghaidh neo a, hó aghaidh neo, a stóirín mo chroí.

Muise shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar,
Ach féasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh,
Ó a hó a, ó aghaidh neo a, hó aghaidh neo, a stóirín mo chroí.

Muise a Pheigín na gcarad is a Pheigín mo chroí,
Éirigh ’do sheasamh ’s réitigh greim bidh,
Ó a hó a, ó aghaidh neo a, hó aghaidh neo, a stóirín mo chroí.

Is a Pheadair na gcarad is a Pheadair mo chroí,
Níl ins an teach aon ghreim mine buí,
Ó a hó a, ó aghaidh neo a, hó aghaidh neo, a stóirín mo chroí.

A Pheigín na gcarad is a Pheigín mo chroí,
In íochtar mo mhála tá cáca mine buí
Ó a hó a, ó aghaidh neo a, hó aghaidh neo, a stóirín mo chroí.

'S a Pheadair na gcarad is a Pheadair mo chroí,
Tá an cáca seo agat lán de ghineachaí buí,
Ó a hó a, ó aghaidh neo a, hó aghaidh neo, a stóirín mo chroí.

Is a Pheigín (Pheadair), is a mhaicín, suífimid síos
Ní fhagfaidh mé (tú) an baile chúns mhairfeas mé (tú) aríst,